Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Bhí an t-eastát Dhoire Bheatha (na ceantair thar Loch Beara, An Dúchoraidh agus Loch Gartáin san áireamh) faoi úinéireacht John George Adair. De réir an scéil bhí 46 teaghlach díshealbhaithe ar lá amháin, suas le 10 duine in uile ceann. An chuid is mó o mhuintir Mhic Suibhne, clann Uí Dhochartaigh agus an chlann Mhic A’ Bháird. D’imigh léir mór daoine go dtí an Astráil ar phasáiste cuidithe (assisted passage). Chuaigh daoine níos aosta chuig teach na mbocht. Bhí Coirnéal Mhic Unfraidh (Humphrey) ina thiarna talún ar an eastát Ghleann Domhain. | 00:02:16 | |
An ról a bhí ag báillí. Bhí fear darbh ainm Mac Muireadhaigh (McMurray) as Albain ina bháille ar an eastát Dhoire Bheatha. Thug sé caoirigh “Blackfeet” don eastát ó Albain. Chiontaigh sé tionóntaí gur ghoid siad caoirigh. Bhí sé dúnmharaithe ach ní raibh aon duine faighte freagrach don rud. Ach bhí na tionóntaí pionósaithe ar bhealach mar gheall ar díshealbhuithe a tharlú ina dhiaidh sin. Bhí aibhéardaí (land agent) darbh ainm Grayson lámhachta uair amháin eile. | 00:01:45 | |
Cur síos ar na díshealbhaithe Dhoire Bheatha – bhí an chéad duine curtha amach baintreach mná darbh ainm Mac A’ Bháird. Leis an choscairt a fuair sí, fuair sí bás níos faide sa lá sin. Bhí báille darbh ainm Stíobhard (Stewart) ar an eastát Belbin/Bulbin. Chas Stíobhard le John George Adair taobh amuigh den teach cúirte i Mín an Lábáin uair amháin agus bhí geall acu. Shocraigh siad gurbh é Stíobhard an duine ní ba mheasa mar, thar thréimhse níos faide chur Stíobhard níos mó daoine amach (dhíshealbhaigh sé) ná Adair. Tharla an rud céanna in Albain – sna Garbhchríocha bhí léir mór daoine díshealbhaithe agus caoirigh smúr-riabhacha curtha ina n-áit ar an talamh. Bhí saol ní ba chrua acu ina dhiaidh leis a gcuid a shaothrú cois farraige. Ní raibh Acht Tionónta agus Tiarna Talún acu ach oiread. | 00:02:24 | |